Anam na Teanga: Géarscagadh ar Ghlac Gearrscéalta - Seán Mac Labhraí a chur in eagar


Price:
Sale price€15

Description

‘Is í an litríocht anam na teanga,' a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh. Tá na mór-údair ann - Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais - agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b'fhéidir - Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin. Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b'fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.

Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.

‘Literature is the soul of the language' wrote Seosamh Mac Grianna, and included in this book are twelve of the most lively and spirited short stories that have been written in the Irish Language. The famous writers are here - Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais - as well as, perhaps, authors who are less well known - Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin. It is the blend of the old and the new, of tradition and innovation, of talent, creativity and ability that will surprise readers of this collection, and will inspire discussion, and perhaps also debate.

There are also comprehensive notes compiled by the editor for those wishing to sharpen their critical perspective.

1. An Beo - Liam Ó Flaithearta
2. Dúil - Liam Ó Flaithearta
3. An Cumann - Peigí Rose
4. Ná hInis Brionglóidí na hAoine don tSatharn Choíche - Peigí Rose
5. Nóra Mharcais Bhig - Pádraic Ó Conaire
6. Anam an Easpaig - Pádraic Ó Conaire
7. An Gadaí - Páraig Mac Piarais
8. Athair - Micheál Ó Conghaile
9. Codladh an Mháistir - Seosamh Mac Grianna
10. Mánus Ó Súileachán - Séamus Ó Grianna
11. Na Déithe Bréige - Fiontán de Brún
12. An Rud nach mBíonn Agam - Annraoi Ó Liatháin
Seán Mac Labhraí a chur in eagar.

    Payment & Security

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

    Estimate shipping

    You may also like

    Recently viewed